Sunday 21 June 2009

Dúch/Liv/Encre
















Ionad Tionsclaíoch Chasla
Casla
Conamara
Co. na Gaillimhe

13 Iúil - 21 Iúil 2009

Festival Interceltique de Lorient
An Bhriotáin/Breizh

1 - 10 Lúnasa / 1 - 10 August 2009


For further information or to receive a catalogue: seanoflaithearta@eircom.net


Dúch/Liv/Encre


Is taispeántas meán measctha é Dúch/Liv/Encre leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta. Tá péintéireachtaí ollmhóra agus líníochtaí sa taispeántas, mar aon le suiteáil ealaíne ar an urlár, ‘Geansaí Iascaire’, geansaí mór Árannach atá déanta as faochain. Chomh maith leis sin beidh ‘Bia na mBocht’ ar taispeáint, fís-scannán gearr ina n-úsáidtear taifeadadh caointeoireachta a rinneadh in Árainn sna 1950í. Úsáideann an t-ealaíontóir meirg, ceilp, dóib, gaineamh, tarra agus luaith ina shaothar, mar aon le gnáthábhair ealaíne. Tá taispeántas seo an Fhlaitheartaigh bunaithe ar thaighde antraipeolaíoch faoi ghineolaíocht mhuintir Árann.

Déanann Ó Flaithearta agus Dúch/Liv/Encre iarracht tochailt faoi dhromchla an radhairc tíre chun teacht ar dhomhan folaithe na scéalaíochta, na comharthaíochta agus an mhínithe.

Beidh Dúch/Liv Encre ag taisteal go Féile Lorient na Briotáine i mbliana.

Tuilleadh eolais: seanoflaithearta@eircom.net