Saturday 26 November 2011

'Nótaí Ciúnais' - Ó Ríordáin


TAISPEÁNTAS NUA : 8 Nollaig 2011 - 8 Eanáir 2012

Portráid de Sheán Ó Ríordáin agus líníochtaí bunaithe ar dhánta
an Ríordánaigh a choimisiúnaigh Cló Iar-Chonnacht
don leabhar nua Seán Ó Ríordáin - Na Dánta a bhfuil réamhrá curtha leis ag an Ollamh Seán Ó Coileáin.

Áras Uí Rathaille
Coláiste na hOllscoile Corcaigh

EXHIBITION OF NEW WORKS : 8 December 2011 - 8 January 2012

Portrait of poet Seán Ó Ríordáin and illustrations based on Seán Ó Ríordáin's
poetry commissioned by Cló Iar-Chonnacht for publication in Seán Ó Ríordáin - Na Dánta, the collected poems of Seán Ó Ríordáin, with an introduction by Professor Seán Ó Coileáin.

Áras Uí Rathaille
University College Cork


Seolfaidh Louis de Paor Seán Ó Ríordáin - Na Dánta agus an taispeántas in Áras Uí Rathaille ag 5pm Déardaoin, 8 Nollaig 2011. Fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais/Further information: www.cic.ie 091-593307

Tuesday 6 September 2011

TALAMH DÓITE / FIRED GROUND




TAISPEÁNTAS ÚR / NEW EXHIBITION - Seán Ó Flaithearta

Áislann Ghaoth Dobhair, An Screabán

1 Iúil 2011 – 31 Deireadh Fómhair 2011
1 July 2011 – 31 October 2011

www.angailearai.com

Talamh Dóite / Fired Ground

Má théann tú ag siúl ar an bportach san earrach feicfidh tú agus mothóidh tú plandaí agus bláthanna ag fás, agus cloisfidh tú ceiliúr na n-éan sa scrobarnach faoi do chosa agus go hard os do chionn. Nuair a chuirtear lasóg na creiche leis an talamh lena dhó bíonn an portach ina thost; ciúnas i ndiaidh anfa. Ní bhíonn fágtha ach an tírdhreach dúloiscthe, gan a éide fód. Bíonn cruth an talaimh le feiceáil, tarnocht faoi chlóca uaigneach dúchiúnais. Bíonn an saol ina stad.

Bíonn teacht ar earraí agus ar shlite maireachtála a bhí faoi cheilt le cúpla glúin siar, nochtar claíocha cuibhreann, aiséiríonn smionagar tithe as patrúin dhubha na dtrinsí iompaithe, bachtaí móna a gearradh agus a baineadh le sleán anaithnid. Gréithe cistine a úsáideadh le líon tí a chothú, i bhfad siar, caite le taobh gréithe eile nach bhfuil ann ach le seal. Nochtar seanrothair high nelly, ag meabhrú dúinn gurbh é an capall iarainn a rialaigh rithim an tsaoil tráth.

Fágann an coirloscadh gan éifeacht seo páirc áir mar a mbíodh tírdhreach docheansaithe, aithris mhaoithneach ar shean-nósanna feirmeoireachta leis an talamh a ghlanadh. Faightear léargas sa slad gan chéill ar an tírdhreach ar chumas foréigin an duine agus ar an mí-úsáid a bhaineann sé as an gcumhacht a mhothaíonn sé atá aige. Is gníomh cogaidh é an chré a dhó. Beatha a ruaigeadh, gortghlanadh ar neacha beo.

Déantar machnamh sa taispeántas seo ar an ngaol atá againn leis an timpeallacht agus an méid a bheimis sásta a dhéanamh le cead ár gcinn a fháil. Dírítear sa saothar ar a mbíonn fágtha i ndiaidh an áir. Bíonn an tírdhreach apacailipteach mar a bheadh scáthán ann ar ár nádúr daonna.

Baineadh úsáid as amhábhair as an bportach féin, mar théama agus mar mheán ar féidir lámh a leagan air, i bpróiseas cruthaithe na saothar seo le freagra níos pearsanta a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear talamh ar thine.

Tuilleadh eolais: seanoflaithearta@eircom.net